BAILE >> FAQ
  Ceisteanna Coitianta

 
Conas a roghnaítear cúrsaí le reachtáil?
Téitear i dteangmháil le gach ball-chomhlacht maidir lena riachtanaisí traenála féin. Cuirtear iarrataisí speisialta le torthaí an phróiséis sin do réir mar a imíonn an bhliain agus mar a shoiléirítear do na comhlachtaí cad iad na riachtanaisí traenála atá acu. Tá lán-chead ag na comhlachtaí teacht i dteangmháil le Baininsteoir an Ghréasáin ag aon am le hiarrataisí ar chúrsaí ar leith, nó ar leasú ábhair ar chúrsaí fógartha. Glacfar leo seo do réir mar is féidir.

Is féidir ábhar, faid, agus dátaí na gcúrsaí a athrú chun iad a chur i n-oiriúnt do riachtanaisí na bpáirtithe.

Conas a oibríonn an fordheontas?
Bainfear táille iomlán an chúrsa amach i dtosach. Ina dhiaidh sin, tabharfaidh an gréasán airgead thar n-ais do na páirtithe uair sa ráithe. Is eagraíocht neamhbhrabúsach é an gréasán, agus braitheann sé ar chabhair deontais ó Skillnets, airgead a thagann ina ghálaí. Féachann an socrú seo chuige ná bíonn fadhbanna le sreabhadh an airgid. Bíonn deontas suas le 50% ar fáil go tipiciúil.

An gcaithfidh soláthraitheoir agus ábhar a bheith pioctha amach agam chun iarratas a dhéanamh?
Ní chaithfidh – cuir i n-iúil dúinn cad é an riachtanas atá ag do ghnó agus féadfaidh Bainisteoir an Ghréasáin soláthraitheoir a aimsiú agus ábhar a shocrú go hoiriúnach chuige.

Conas a roghnaítear na soláthritheoirí?
Roghnaítear na soláthraitheoirí go príomhdha ar bhonn an chaighdeáin, na so-lúbthachta, an phraghas, agus an chumais cúrsa a chur ar fáíl istigh sa réigiún. Is annamh a ghlacann an gréasán le cúrsaí a bhíonn ullmhaithe roimh ré, agus iarrtar ar na soláthraitheoirí an t-ábhar a leasú bunaithe ar riachtanaisí na bpáirtithe. Tá an príomh-fhócas ar thionchar na traenála ar an ngnó.

Conas a roghnaítear na háiteanna go gcuirtear an traenáil ar fáil?
Cuirtear an traenáil go léir ar fáil trasna an réigiúin. De ghnáth, is é an ceantar leis an líon is airde páirtithe a dheineann óstáil ar an dtraenáil. Is ag an té is túisce a bhíonn istigh atá an seans is fearr!

Más maith leat teacht i dteangmháil linn, ná bíodh aon leisce ort chuige, le haon cheann de na modhanna seo leanas:

Dá mba mhaith leat a bheith i do bhall, cliceáil anseo.

 

© South West Gnó Skillnet 2010 | Poist | Dein Teagmháil Linn | Admin

Dearadh Suíomhe: Eigon Solutions