|
South west Gnó Skillnet / Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne Teo.
Tá cúrsaí oiliúna a chur ar fáil ag “South West Gnó Skillnet” ins na Gaeltachtaí ar fad go náisiúnta.
An Ghaeltacht
Clúdaíonn an Ghaeltacht codanna fairsinge de chontaetha Dhún na nGall, Mhaigh Eo, na Gaillimhe agus Chiarraí iad ar fad geall leis ar imeallbhord an Iarthair – agus codanna de chontaetha Chorcaí, na Mí agus Phort Láirge.
Tá na ceantair Ghaeltachta sainithe ag orduithe Rialtais agus tá sé aitheanta ag rialtais i ndiaidh a chéile go bhfuil gá le bearta, struchtúir agus maoiniú ar leith chun cothabháil na bpobal seo a chinntiú. Soláthraíonn an Ghaeltacht deis agus dúshlán chun leanúnachas na Gaeilge mar theanga phobail a choinneáil beo go nádúrtha, ach freisin soláthraíonn sí an timpeallacht is fearr ar fad do dhaoine ar mian leo an Ghaeilge a bheith ar a dtoil acu.
Tá na ceantair sin ina gcodanna bunúsacha d’fhorbairt sochaí dhátheangach in Éirinn agus cuireann siad timpeallacht ar fáil inar féidir leis an teanga dul chun cinn a dhéanamh i gcomhthéacs nua-aimseartha. De réir aonáirimh 2006, is é daonra iomlán na gceantar agus na n-oileán Gaeltachta ná thart ar 92,000.
Cabhraíonn an Ghaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht ní hamháin leis na sainghnéithe luachmhara de thraidisiún agus de chultúr a bheadh imithe murach sin, ach tá sí mar chuid dhílis agus inspioráideach den sprioc náisiúnta sochaí dhátheangach a bhaint amach.
Údarás na Gaeltachta
Is é Údarás na Gaeltachta, a bunaíodh i 1980, an t-údarás forbartha réigiúnach atá maoinithe ag an Rialtas chun forbairt eacnamaíochta, shóisialta agus chultúrtha na Gaeltachta a chur chun cinn.
Tá sé mar mhóraidhm aige an Ghaeilge a chothú mar theanga phobail an réigiúin. Chun na haidhmeanna sin a chur chun cinn, tacaíonn an tÚdarás le scéimeanna táirgiúla fostaíochta trí fhorbairt a dhéanamh ar acmhainní nádúrtha áitiúla, ar scileanna agus ar chumais fhiontraíochta, trí infheistíocht shoghluaiste a mhealladh chun na Gaeltachta agus trí thacaíocht a thabhairt do thionscnaimh fhorbartha pobail.
Cabhraíonn sé le réimse leathan de thionscnaimh theanga, chultúrtha agus oideachais atá dírithe ar an nGaeilge a neartú mar phríomh-mheán cumarsáide i ngach earnáil de shaol an phobail. Tá fiche comhalta ar bhord an Údaráis, seacht nduine dhéag acu tofa go daonlathach ag toghthóirí na Gaeltachta i dtoghcháin a reáchtáiltear gach cúig bliana nó mar sin, agus an triúr eile, an cathaoirleach san áireamh, ceaptha ag an Aire. Ag deireadh na bliana bhí foireann de 107 duine agus gréasán d’oifigí réigiúnacha sna Gaeltachtaí éagsúla aige chun dualgais reachtúla an Údaráis a chur i bhfeidhm.
An Ardoifig
Údarás na Gaeltachta
Na Forbacha
Co. na Gaillimhe
Teil: 091-503100
Facs: 091-503101
R-phost: eolas@udaras.ie
|