Tá tús curtha ag an gcomharchumann forbartha Gaeltachta, Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne Teo. (C.F.C.D. Teo.), a chuireann South West Gnó Skillnet chun cinn, le cláracha oiliúna fóirdheontais. Tá na cúrsaí seo dírithe ar fhorbairt foirne, ar bhreisoilúint agus ar thrasoiliúint a fhorbairt laistigh de ghnólachtaí.
Tá maoiniú €150,000 do 2010 ceadaithe ag an eagraíocht thacaíochta fiontair, SkillnetLtd., don ghréasán nua. Tá fás agus forbairt an ghréasáin seo á stiúradh ag coiste ina bhfuil 10 mball ós na comhlachtaí atá rannpháirteach sa ghréasán.