|
Leanann struchtúr Skillnet Ghaeltachtaí na Mumhan na treoirlínte a chuireann Skillnets ar fáil:
Grúpa Stiúrtha an Ghréasáin
Dhá chomhlacht déag as baill an ghréasáin..
Tá Coiste Stiúrtha an Ghréasáin ceaptha do réir dáileadh na gcomhlachtaí sna Gaeltachtaí éagsúla agus sna hearnálacha éagsúla. Is iad na fachtóirí is mó a tugadh san áireamh agus an coiste stiúrtha á cheapadh ná an toil a bheith páirteach, cumas am a chur ar fáil, agus leibhéal na páirtíochta sa traenáil go dtí seo (i gcásanna áirithe), chomh maith le fachtóirí geografacha agus earnálacha. Beidh ar bhaill an ghrúpa stiúrtha teangmháil a dhéanamh go minic leis na ball-chomhlachtaí ina réigiún nó ina n-earnáil féin.
Príomhaí an Ghréasáin
Grúpa C.F.C.D.
Is comharchumann forbartha é CFCD atá lonnaithe i mBaile an Fheirtéaraigh, An Daingean, Co. Chiarraí. Tá an comharchumann ann le daichead bliain agus lena linn sin tá éirithe go hiontach leis i bhforbairt na Gaeltachta.
Bainisteoir an Ghréasáin agus Foireann Riaracháin
Cheap an Grúpa Stiúrtha Dónal Mac an tSíthigh ina bhainisteoir agus ionchorpraíodh é faoi bhainistiú Ghrúpa CFCD faoi stiúrú an Ghrúpa Stiúrtha.
Tá Bríd O’ Liatháin ceaptha ina Bainisteoir Cúnta.
Baill an Ghréasáin
Tá 108 ball anois ann, agus táthar ag súil go méadóidh sé sin. Forbrófar clár chun cothú a dhéanamh ar idirghabháil idir na baill agus ar a bpáirtíocht i ngíomhartha an ghréasáin; is é Bainisteoir an Ghréasáin a riarfaidh an clár sin, faoi mhaoirseacht an Ghrúpa Stiúrtha.
Is é Bainisteoir an Ghréasáin, le treoir agus maoirseacht ón nGrúpa Stiúrtha, a chomhordnóidh na gníomhartha a eascróidh as cláracha traenála, a fhostóidh comhairleoirí, a dhéanfaidh measúnú agus iniúchadh agus a láimhseálfaidh gnóthú na dteastas.
|