BAILE >>PETER QUINN DEIR FOMHAIR'08
  Peter Quinn Deireadh Fomhair 2008

Ag labhairt dó ag ócáid ghréasáin do lucht gnó a bhí ar siúl sa Daingean le déanaí dúirt Peter Quinn, iar uachtarán CLG agus feidhmeanach leis an Peter Quinn Consultancy nach iad na daoine a bhfuil na deiseanna ag titim anuas ón spéir chuchu a n’éiríonn leo sa tsaol ach gur leo san a chaitheann dúthracht agus allas lena gcuid oibre agus leo siúd a théann sa tseans a bhíonn rith an ráis.

Le linn a chuid cainte ag an ócáid a bhí á reachtáil ag Skillnets Gaeltachtaí na Mumhan dúirt an tUasal Quinn go bhfuil sé thar am ag lucht an doirbhíochais i leith na h-eacnamaíochta bheith ina dtost agus dúirt sé chomh maith nach aimsir anbhá na laethanta amach romhainn. Ina theachtaireacht a bhí thar a bheith dearfach, thagair sé do neart na h-eacnamaíochta i gcomparáid le géilleagar bhlianta tosaigh an Tíogair Cheiltigh agus dúirt go dtiocfaidh borradh in athuair ar eacnamaíocht na tíre.

 

Mhol Quinn do lucht gnó na Gaeltachta sa Mhumhain a ngoile a ghéarú agus dul sa tseans ar a bhfiontair chun go bhféadfaidís a n-aislingí éagsúla a chur i gcrích. “Ní théann siad siúd san earnáil phoiblí san amhantar minic a ndóthain ach is tréith bun-riachtanach é san earnáil phríobáideach agus ba chóir do cheisteanna ar nós dul san amhantar, éifeachtúlacht, táirgiúlacht, agus luach do chuid airgid bheith chomh tabhachtach san earnáil phoiblí agus atá siad san earnáil phríobháideach faoi láthair” adúirt an t-uasal Quinn.

Tá breis eolais faoin ngréasán Skillnets Gaeltachtaí na Mumhan ar fáil ó Dhónal Mac an tSíthigh, bainisteoir gréasáin.

Further information on South West Gnó Skillnet courses and on the Business Networking Event for SME’s with Peter Quinn is available from Dónal Mac an tSíthigh, network manager.

Is féidira raibh le rá ag Peter Quinn a fháil anseo

 
Má tá a thuilleadh eolais uait faoin ngréasán, cuir ríomhphost chughainn ag eolas@southwestgno.com 

 

 

© South West Gnó Skillnet 2012 | Poist | Dein Teagmháil Linn | Admin

Dearadh Suíomhe: Eigon Solutions